“Tá an buabhall i bhfad níos cliste ná an bhó. Tar éis dóibh seachtain a chaitheamh sa bhleánlann, bhí sé déanta amach ag an tréad conas an geata a oscailt. D’athraigh mé an glas a bhí ar an ngeata agus d’oibríodar amach conas é sin a oscailt chomh maith. Ní bheadh an cumas sin sa bhó in aon chor.”

Johnny Lynch, an tÚinéir.

Two men standing among a group of black cows on a grassy field with a cloudy, overcast sky.

Bhí feirm déiríochta mar ghnó teaghlaigh ag muintir Uí Loingsigh le fada an lá ach nuair a tháinig ísliú sa mhargadh ní raibh aon rogha againn ach smaoineamh ar bhealaí eile chun slí beatha a bhaint amach.

Is ansin a dhíríomar ar na buabhaill! Bhí fáil ar gach saghas eile cáise in Éirinn, ó cháis gabhair go cáis caorach ach ní raibh éinne ag déanamh cáis buabhaill. Mar sin, sa bhliain 2009, chuamar sa tseans agus thugamar isteach 31 buabhall ó thuaisceart na hIodáile, anseo go tailte méithe Iarthar Chorcaí. Anois tá os cionn 700 ceann againn!

A man in a cozy kitchen with a rustic brick wall is preparing food, holding a piece of dough over a pot of boiling water with several other pieces of dough inside.

Príomh-tháirgeoir Cáise Buabhaill in Éirinn!

Cuireann Táirgí Cáise Buabhaill Mhaigh Chromtha Teo. réimse cáise den scoth ar fáil ar ár bhfeirm in Iarthar Chorcaí, áit ina bhfuil áiseanna den chéad scoth. Faoi stiúir Seán Ferry, an cáiseoir iomráiteach, bainimid barr maitheasa amach i margadh na hÉireann le gradaim á mbaint amach againn sa tír seo agus go hidirnáisiúnta.

Gach lá, úsáidimid bainne úr na mbuabhall agus déanaimid cáis ús as, anseo ar an bhfeirm. Déanaimid réimse cáise, ina measc Mozzarella, Ricotta, Cáis ar stíl na Gréige, Burrata agus Cáis don ghriolladh i stíl na Cipire. Táirge Éireannach, oiriúnach d’fheoilséantóirí, 100% nádúrtha agus saor ó aon bhreiseáin saorga, dathú ná leasaithigh. Cáis mhín, réidh den scoth!

A man in a jacket petting a buffalo in a grassy field with more buffalo grazing in the background.

Cáis mhín, réidh den scoth!

A plate of sliced tomatoes, fresh mozzarella, submersed in olive oil and garnished with basil leaves, on a blue napkin. In the background, there is a packet of Macroom Buffalo mozzarella cheese and a white pitcher.
Pizza baking in a wood-fired oven with flames visible in the background.
Mixed salad with leafy greens, roasted beets, orange segments, feta cheese, walnuts, and microgreens in a white bowl on a beige surface.
  • Macroom Buffalo Award Winning
  • Macroom Buffalo